Cé dá mbeidh na Seomraí Pobail?

Beidh na Seomraí Pobail ann don phobal agus do na tuismitheoirí a bheidh ag déanamh na gcúrsaí nó na ngníomhaíochtaí a sholáthróidh muid, le húsáid.

 

Bainfidh grúpaí áitiúla m.sh. Surestart úsáid as na Seomraí pobail a chuirfidh ranganna agus gníomhaíochtaí ar fáil do theaghlaigh áitiúla. Bainfidh grúpaí áitiúla úsáid bhreise astu do chruinnithe, do chomhdhálacha agus do chruinnithe poiblí.

Cad é cuspóir na Seomraí Pobail?

Is é cuspóir na Seomraí Pobail áit a chur ar fáil dúinn cúrsaí nó gníomhaíochtaí a reáchtáil don phobal áitiúil.

Beidh sé ar intinn againn áit a chur ar fáil do ghrúpaí eile nach bhféadfadh áit bheith acu laistigh de cheantar Chollann nó Chill Uaighe, a gcúrsaí/a ngníomhaíochtaí a dhéanamh.

Ní féidir linn fanacht go dtí go mbeidh áit againn mar a dtig le daoine a bhfuil na suimeanna céanna acu teacht le chéile le heispéiris nua bheith acu, mar aon le scileanna agus cáilíochtaí nua a fháil.

Cá háit a mbeidh na Seomraí Pobail san fhoirgneamh?

Beidh 3 sheomra pobail nua-aimseartha ar an chéad urlár den fhoirgneamh agus beidh rochtain ag gach duine orthu.

Cén uair a mbeidh na Seomraí Pobail oscailte?

Ag brath ar chlár ama na ngníomhaíochtaí a chuirfidh Ionad an Fuiseoige ar fáil, beidh gníomhaíochtaí ar fáil ar maidin, sa tráthnóna agus san oíche, le roinnt gníomhaíochtaí maidin Dé Sathairn fosta.

 

Beidh limistéar na Seomraí Pobail ar fáil ar cíos chomh maith agus is féidir tuilleadh eolais air seo a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn inniu.

 

Cad é mar is féidir le daoine úsáid a bhaint as na Seomraí Pobail?

Cuir scairt ghutháin orainn ar 0281234567 nó buail isteach nó déan teagmháil linn tríd an suíomh idirlín.

Imeachtaí atá le teacht an Chomhphobail

Beidh Imeachtaí atá le teacht Chomhphobail a liostú anseo ..

june, 2019

01jun10:00 am4:30 pmDianchursá GaeilgeIrish Language Crash Course

08jun(jun 8)10:00 am(jun 8)10:00 amDianchursá GaeilgeIrish Language Crash Course

15jun(jun 15)10:00 am(jun 15)10:00 amDianchursá GaeilgeIrish Language Crash Course

22jun(jun 22)10:00 am(jun 22)10:00 amDianchursá GaeilgeIrish Language Crash Course

29jun(jun 29)10:00 am(jun 29)10:00 amDianchursá GaeilgeIrish Language Crash Course

An bhfuil tuilleadh eolais eile ann faoi na Seomraí Pobail?

Beidh seomra ríomhairí ann ina mbeidh suas go 12 ríomhaire agus Sármhearseirbhís Leathanbhanda le WIFI SAOR, cistin nua-aimseartha le háiseanna do ranganna cócaireachta agus seomraí ranga le deascanna agus cathaoireacha eirgeanamaíocha.